[Gaeilge] Campa Scratch 2025 - - - Mrow! Tá sé beagnach in am do Campa Scratch 2025, agus tá cuireadh agat! Is é téama an champa i mbliana ná "Ní mar a fheictear" agus tosaíonn sé go hoifigiúil Dé Luain, 28 Iúil. Mairfidh sé ar feadh trí seachtaine agus tabharfaidh gach seachtain deiseanna chun tionscadail a chruthú timpeall ar théama ar leith. Tá sé saor in aisce agus is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh trí na stiúideonna campa. Ceisteanna Coitianta: C: Conas a ghlacaim páirt sa champa? F: Is féidir leat páirt a ghlacadh trí thionscadail a dhéanamh do stiúideonna Campa Scratch! Gach seachtain den champa, beidh stiúideo Campa Scratch nua ar an leathanach baile. Is féidir leat trácht a dhéanamh i stiúideonna an champa agus ar thionscadail daoine eile freisin! C: An féidir liom tosú ag glacadh páirte anois? F: Is féidir! Athmheasc an tionscadal seo agus cuir tú féin leis ag ullmhú do Campa Scratch agus cabhraigh leis an scéal a scaipeadh go bhfuil an campa beagnach anseo! Nuair a bheidh tú críochnaithe, bí cinnte é a chur le stiúideo Cheanncheathrú an Champa: https://scratch.mit.edu/projects/1195901436/ Tosaíonn an campa Dé Luain, 28 Iúil, 2025 - feicfidh mé sibh ansin! Miau! =^..^=