Tá 6 sprid ann ( sé gcat ildaite) agus suim ar leith ag dul le gach ceann acu. Tá dhá script cód ag dul le gach sprid freisin. Tugann script 1 ordú don sprid an tsuim a rá nuair a chliceáiltear an bhratach ghlas. Tugann script 2 ordú don sprid rud éigin a dhéanamh nuair a chliceáiltear an sprid féin. Feictear bosca a ghlacann 'cur-isteach' ón úsáideoir. Fiafraíonn sé den úsáideoir freagra na ceiste a chur isteach ann. D'fhéadfadh an freagra a bheith ceart nó mí-cheart. Más ceart é an freagra ansin tugann an script ordú don sprid 'CEART !' a rá agus stopann an script. Seachas sin más mí-cheart an freagra tugann an script ordú don sprid 'Tabhair faoi arís!', a rá ar feadh dhá shoicind agus athosnaíonn an script.
Tá billeog saor in asice ag dul leis an achmhainn seo ach é a iarraidh ó seamus(at)readysteadycode.ie.